Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Na Flaithbheartaigh agus Seanchaisleáin na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go gcuirfeadh sé margaidhthe agus aontaighe ar bun ann, agus go mbunuigheadh sé Dlighe Sasana ann. Daontuigh Gincle leis seo agus thainic Dick abhaile, agus chuir sé faoi ag hAlla na mBeith i n-aice le Loch Coiribh gar go leor le Achadh na nIubhar agus le Pairc an Leamhan. (Lemonfield). Bhí sé os cionn 50 bladhain an uair seo.
    Ní call dom a radh nach raibh gradh na cion ag na Fláthartaí ar Nimble Dick. Bhí mac og ag Dick faoi seo, Ribéird nu Robin. Chualaidh sé seo gur labhair sean taoiseach Achad na nIubhar go maslach anaghaidh a mhathar fein, agus d'imthig sé leis 'na aonraic go bog teith agus a chlaidheamh tarrnuighthe aige a chur dubhslain ar an seanfhear. Níor sheas sé as a rith go ndeacha sé go Caisleaán Achadh na nIubhar, agus gur d'fhogair sé cath ar an seanfhear. Nior eitigheadh é agus shocruigh siad troid le claideamhacha ar capallaibh. Bhí an sean taoiseach i riocht é féin a chosaint go maith, mar bhí cleachtadh mhaith aige ar throid le claidheamh, agus ar phionnsaidheacht. Acht bhí mac diomaoinis aige agus shaid sé claidheamh i ndruim an fhir oig. Saidhead marbhtach do beadh é. Scannruigh an capall agus dimthigh sí 'na cos an airde agus an fear gonta ar a druim go dtainic sí go dtí an Faithce (Roscathail)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
      2. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge