Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 139
  3. XML “Na Flaithbheartaigh agus Seanchaisleáin na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuir an sean taoiseach failte roimh an bhfear óg, acht d'fhreagair an Burcach Óg é go feargach agus go nimhneach. Chaith sé an corn dighe ar an urlár, nocht sé a chlaidheamh, agus shiubhal sé go bagarthach i dtreo an tsean taoisigh. Labhair an sean toiseach leis, agus dubhairt leis gan a theacht nios giorr dhó. Acht mo léun! ní raibh a fhios ag an bhfear óg go raibh sé 'na sheasamh ar "Leac na Feille". Tharraing sé a chlaidheamh agus chas sé é mar bheadh sé ag iarraidh an sean taoiseach a ionnsuidhe. Ní dhearna an sean taoiseach acht a chos a bhrúghadh ar chnap a bhí san urlár gur chas an leac, "Leac na Feille"; ar a raibh an fear óg 'na sheasamh, timceall gur thuit an t-oighre og síos san abhainn, An Drimnín, a bhí ag rith, agus atá fós, faoi Seomhra na bhFleadh sa gCaislean. Bathadh é.
    Théis uaire a chluig tógadh an corp agus di-ceannadh é. Cuireadh an cloigeann isteach i mála agus diarr an Sean taoiseach ar an mac ba shine a bhí aige an ceann a thabhairt do Chaisleán Tire OIlean ag an Iarla Ruadh. Deithigh sé a dheunamh. Deitigh an dara mac freisin, acht dubhairt an mac a b'oige go ndeanfadh sé féin é acht capall a athar "Díles" d'fhail. Gealladh do í agus talamh agus caislean agus maoin a athar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
      2. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge