Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 134
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá cuid mhaith do na Mairtínigh curtha i Reilg Cille Aithninn.

    Tá cuid mhaith do na Mairtínigh curtha i Reilg Cille Aithninn. Tá tomba aca ann. Is ann atá Riocaird Mairtín, agus Nimble Dick curtha, agus An Taoiseach Poppleton - fear airm a bhí i San Helena ag tabhairt aire do Napoleon. Briseadh as Arm Sasana é nuair nach raibh sé sásta bheith 'na spiadóir ar Napoleon - agus innseacht chuile thráthnona don Rialadoir Hood gach focal a labhruigheadh Napoleon. Thainic sé abhaile do mhuinntir a mhna - ba ingean do Ribeird Mairtín i. Mhair sé sa Ros le suim bladhain gur cailleadh é. I Reilg Cille Cuimm a cuireadh é.
    Ar an Obhar a rugad beirt raithe a rug leo Craobh an Domhain Mhoir le luathas tuairim 's 30 bladhain o shoin - siad Tomás O Neidín, Gaillimh, agus Seán Seoíge - Nua Eabhrac.
    I n-aice leis an Gort Mór tá le feiceal fós an Aill Obhar. Tá sgeul sa leabhar seo faoi - "Cinéal a Chana".

    Tá sean minach luaidh san nGort Beag. Níor togadh aon luaidh as le trí scor bladhain anois. Deirtear gur togadh go leor luaidhe as uair amhaín. Acht bhí strainseírí san áit, agus tharla scannal ecínte. Shiubhal an sagart thart in aice na mianiagh agus chaith sé smugairle isteach ann. As sin amach líon sé le uisge agus nior fhead na daoine é a thiormu na a thaomú agus beigeann dóibh an míanach a fhagail in a ndiaidh. Tá an mianach let mhíle siar o Loch Coirib. Mianach aoil tá san talamh timcheall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Béarla