Scoil: An Léim (uimhir rolla 11472)

Suíomh:
An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Dubhda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Léim
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tír seo bíonn fir is mná ag dul ag iarraidh déirce agus ag díol báisíní agus canaí. Deirtear gur seo é an fáth a bhfuil na tincéaraí ag dul ó áit go h-áit. Do bhí an Mhaighdean Muire ag siubhal le tuitim na h-oichche uair. Droch oidhche a bhí ann. Bhí an báiteach go han trom agus an ghaoth ag séideadh an t-seáil do bhí thart uirri féin agus ár Slánuightheoir. Tháinig sí faoi deire go bothán ina raibh tincéar ina chómnuidhe. Bhí an tincéan ag déanamh báisiní. D'iarr sí ar biorán do dhéanamh dí. D'orduigh sé amach í. D'imthigh sí go brónach leithí gur shroich sí ceardcha. Do bhí gabha istigh ann. D'iarr sí ar an ngabhainn biorán do dhéanamh dí. "Déanfadh agus fáilte", adeir an gabha. Nuair a bhí an Mhaighdean Muire ag imtheacht thug sí a beannacht dó'n gabha. Sin é an fáth go bhfuil an t-ádh ar na gaibhne agus go bhfuil na tincéaraí ar seachrán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Marcus Ó hUgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    Doire Oirghlinne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hUgáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Oirghlinne, Co. na Gaillimhe