Scoil: An Léim (uimhir rolla 11472)
- Suíomh:
- An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Dubhda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Léim
- XML Leathanach 090
- XML “Díol agus Ceannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh na siopaí fairsing san áit seo. Bhíodh cúpla ceann i n-aice seapail áit a mbhéadh go leor daoine. Bhiodh siad ag diol plúir, coirce, tae agus siucra agus a lán rudaí eile.
Na daoine a bhíodh ag obair ag na siopadóirí sin bhíodh mála plúir le fághail aca gach oidhche Dé Sathairn agus muna mbeidís sásta leis sin bhíodh luach an mhála plúir le fághail aca.
Ag fir an bhóthair bhíodh mála plúir le fhágail aca freisin. Cheannóchadh punt an t-am sin an oiread is cheannóchadh cúig phunt anois. Ni thugaidís airgead ar bheithigh an t-ám sin mar ní raibh sé fairsing aca. Capall a thugaidís ar dá bheithidheach. Ní cheannuigheadh siad rud ar bith a bhéadh beo ar an Domhnach ma bhíod faitchios ortha go mbéadh mí-adh mór ortha.- Bailitheoir
- Micheál Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Léim Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Léim Thiar, Co. na Gaillimhe