Scoil: An Léim (uimhir rolla 11472)

Suíomh:
An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Dubhda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Léim
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Shamhna isn an t-sean – aimseir tháinig na Naoimh cois fhairrge, bhí naoi míle de’n bhóthair toigthe acu ó d’fhágadar an tullall cois fairrige go dtháinigadar go dtí an Ceathrú – Ruadh. Tháinigadar ag loch a bhí ar an gCeathrú – Ruadh timcheall le céad slát ón teach a phobail a bhí ann. D’fhágadar lorg a gcos ins na leacracha a bhí ag an loch sin. thúgadar turas timcheall an locha. Chuile lá ón lá sin amach tagann na daoine Lá Samhna ag an loch sin. ‘Sé an t-ainm atá ar an loch sin, loch Naomh an domhain. Ní fhaca duine ar bith ar an saoghal seo an oiread Naomh le chéile, nó ní fháca duine ar bith na Naomh acht duine amháin. An duine a bhí ag éisteacht leo, chuala sé iad ag rádh trí h-úaire (scéal) “seo í loch na Naomh”.
    Bríghid Ní Chadhain
    Léim
    Úachtarárd
    Co. na Gaillimhe.
    26/11/37.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chadhain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe