Scoil: Leacaigh (Leacach)

Suíomh:
Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seosamh Ó hÁinlíghe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 351

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 351

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leacaigh (Leacach)
  2. XML Leathanach 351
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thart ar an áit seo is san Inid is mo a póstar na daoine. Dia Lúain, Diardaoin agus Dia Satharn na laethannta is mo a bhíodh pósaidh ann.
    Deirtear nach bhfuil sé ceart pósadh a bheith ar Dia Lúain nó Dia Céadaoin nó Dia h-Aoine. Sé an fáth nach bhfuil pósadh ar Dia Lúain má thuiteann an 26adh lá de Mí na Nodlagh ar Dia Lúain nó Dia Céadaoin ní bheidh aon posadh ar na laethannta sin.
    Fuair Íosa Críost bás ar an Aoine agus bhí brón ar gach duine agus deirtear nach bhfuil sé ceart posadh a bheith ar an Aoine.
    Thugaidís bó agus sobharan buidhe mar spré do na fir. Bhíodh a lán cleasanna aca agus oidhche amháin bhí pósadh i gCathar na h-Abann agus tháinic cúpla buachaillí báire agus chuir síad mála lán le tuighe - síos san seimléir. I gceann noiméid bhí an teach lá le deatach. Níor fhéad na daoine an doras a bhaint amach agus bhíodar beagnach márbh. Bhíodh rasaí móra ann freisin. Bhíodh Séamus Ó Coinín ag rith agus bhíodh sé i gcómhnaidhe idtosach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Seoighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhóin Rua, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Crámháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Cathair na hUamhan, Co. na Gaillimhe