School: Leacaigh (Leacach)
- Location:
- Lackagh Beg, Co. Galway
- Teacher: Seosamh Ó hÁinlíghe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leacaigh (Leacach)
- XML Page 351
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- Thart ar an áit seo is san Inid is mo a póstar na daoine. Dia Lúain, Diardaoin agus Dia Satharn na laethannta is mo a bhíodh pósaidh ann.
Deirtear nach bhfuil sé ceart pósadh a bheith ar Dia Lúain nó Dia Céadaoin nó Dia h-Aoine. Sé an fáth nach bhfuil pósadh ar Dia Lúain má thuiteann an 26adh lá de Mí na Nodlagh ar Dia Lúain nó Dia Céadaoin ní bheidh aon posadh ar na laethannta sin.
Fuair Íosa Críost bás ar an Aoine agus bhí brón ar gach duine agus deirtear nach bhfuil sé ceart posadh a bheith ar an Aoine.
Thugaidís bó agus sobharan buidhe mar spré do na fir. Bhíodh a lán cleasanna aca agus oidhche amháin bhí pósadh i gCathar na h-Abann agus tháinic cúpla buachaillí báire agus chuir síad mála lán le tuighe - síos san seimléir. I gceann noiméid bhí an teach lá le deatach. Níor fhéad na daoine an doras a bhaint amach agus bhíodar beagnach márbh. Bhíodh rasaí móra ann freisin. Bhíodh Séamus Ó Coinín ag rith agus bhíodh sé i gcómhnaidhe idtosach(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- Monroe, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó Crámháin
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Cahernahoon, Co. Galway