Scoil: Leacaigh (Leacach)
- Suíomh:
- Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh Ó hÁinlíghe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leacaigh (Leacach)
- XML Leathanach 305
- XML “Ciste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó san sean saoghal sé an fasúin a bhíodh ag na daoine chuile shórt a dhíoladh síad ar an mbaile chaitheadh síad é a roinnt. Dá ndíoladh fear bullán chaitheadh sé an lúach a roinnt leis an mbaile ar fad agus chaitheadh chuile dhuine ar an mbaile an cleas sin a dhéanamh. Cé bí céardh a dhíoladh cé chaitheadh sé é a roinnt.
Bhoil bhí aon amadán amháin ann agus shíl sé go raibh sé an chríonna ar fad. Ní raibh sé ag caitheamh pinghinn ar a bith dá airgid ach an méad a chaitheadh sé dá bhuidheachas. Bhí sé ag tabhairt ocras dó fhéinagus é ag bailiú go crúaidh cráidhte. Ach is minic a chuala muid "An rud nach gcaithfidh tú féin caithfidh duine eicín eile é.
Dhíol an fear seo trí muca ar caoíar bith agus níor mhaith leis an lúach a roinnt. Shiubhail sé amach aon oidhche bréagh gealaigh agus smaoinigh sé go mba mhaith an áit an t-airgead a chur i bhfolach sa phortach móna. Siubhail sé thart annsin go bhfuigheadh sé áit a mbeadh comha(?) ann, i dtreó's go bhfuigheadh sé an t-ór arís núair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Sheacnasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair na Silíní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó hEidhin
- Inscne
- Fireann