School: Lisín na hEilte (Cailíní)

Location:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Cáit Ní Choisdealbha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Page 096
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí taillúir ann uair amháin ag fághail neart le déanamh, ag saothrú go léor airgid. Táinig bliadhain ana fhluich agus níorbh triomuigh an móin dos na daoine. Ar deiridh bliadhna b'éigin dó dhul go coill in aice an tíghe go mbainfeadh sé adhmad chun teine a dheánamh don Gheimhreadh. D'imthigh se maidin go moch go dtí an choill. Thug sé leis sámh agus tuagh, cosuigh ar ag bainc chrainn. Ar féachaint thart dó féin chonnaic se fear ar capall ag teacht chuige. Is géarr go dtáinic an fhear chapall suas chuige. Beannuigh fear an chapaill dó agus d'íarr sé don taillúir cé raibh a léithide seo d'fear in a chomhnuidhe. "Mise" an fear atá tú ag tóruigheacht. Thóg fear an capaill leitir as a phóca. Seo leitir ó do deirbhshúir. D'fheach an taillúir ar leitir agus do léigh í. Is é a bhí sa leitir "Tá me tinn. Tar chugam comh tapaidh is bhéarfaidh do chosa tú ar an bpoinnte a léighfidh tú í seo. Déarfaidh mé luach saothair maith dhuit." D'fhéach sé thart. Ní raibh aon deis marcuigheachta aige ach a dhul ar cúl fhir an capaill. D'imtigh leobhta agus ba ghéarr go rabhadar in Uladh. Tháinig an trathnóna agus bhí súil ag an mhnaoi isteach leis. Bhí imnidhe uirri agus cuaidh sí amach go dtí na comhursa ag fiafruighe an raibh aon tuairisc ar a fear. Ar maidin annsin cuaidh sí go dtí na póilíní. D'innsigh sí an cás do na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Nic Bháird
    Gender
    Female
    Informant
    Uaitear Ó Fionnagáin
    Gender
    Male
    Age
    85
    Address
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe