School: Lisín na hEilte (Cailíní)

Location:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Choisdealbha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí snáth sniomhtha aice le flainnín a dhéanamh. Ní raibh a fhios aice cén áit a bfuighid sí fiaghadóir chun é a sniomh. Tháinig fear isteach lá. D'iarr sí do an mbeadh a fhios aige cén áit a bfuigheadh sí fiagadóir. Tabhair dom-sa an snath agus beidh sé déanta agam seachtmhain ó indiu. Cén t-anam atá ort adeir an bhean "Sníomh ar Bhundún" adeir sé leite. An céad uair eile a thiocfas mé annseo mar mbí m'ainm agat beidh d'anam agam. D'imtigh leis leis an snáth. Ní raibh sé ach taobh amuigh den tairse nuair a dhearmad sí a ainm. Bhí sí cráidhte agus ag caoineadh mar bhí faitchíos uirri go dtiocfadh an fear agus a ceann a baint di ar a geallamhaint mar a mbeadh a ainm aice. Táinig fear eile isteach a bhí ag cumhdach beidhthig agus bhí sí ag caoineadh roimhe. Ó a bhean chóir céard tá ort.Ó foighid bhí mise seoltaí ag oibriú go láidir agus cualaidh mé fear ag radh "Deifir Deifir Deifir is cuma libh cén áit a bhfuigheadh sníomh ar bhundún a suipéar anocht" Ó Ó adeir an bhean sin é an t-ainm Sníom ar Bhundún. Ní bhfad a bhí an fear seo imtighte go dtáinig Sníomh ar. Bhundún isteach agus an flainnín faoi na asgal aige. M'ainm go beo ar seisean leis an bhean. Sníomh ar Bundún adeir sí. Mo bheannacht leac agus mo mallacht don té a mhúin tú ag imeacht leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Nic Bháird
    Gender
    Female
    Informant
    Uaitear Ó Fhionnagain
    Gender
    Male
    Age
    85
    Address
    Lisheennaheltia, Co. Galway