Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht níor bfada gur casadh máigistir léite, "Cá bhfuil tú ag dul a cailín" arsa an máigistir, "tá mé ag dul ag toruigheacht máigistire" arsa an cailín. "Tá mise ag dul ag tóruigheacht cailín" arsa an máigistir. Innsin chuaidh an cailín i néanfad leis go dtí an teach, nuair a tháinigh siad go dtí an teach, ní raibh ann acht bean óg. Dubhairt an fear léiti go mbeadh sí na dúiseach san oidhche agus na codladh san ló. Innsin cuireadh síar i síomra í agus céard a bheadh ann acht fear ó's cionn cláir, innsin tughadh mála crothannaibh di le bheit dhá mbriseadh. Nuair a bhí sí sgatha ag briseadh na gcrotannaibh tosaigh an fear marbh ag gleandáil leis. Nuair a chonnaich an cailín é thuit sí i lagar is ar éigin a bhí sí beo ar maidin.
Bliadhain ó'n ám seo, a dimthigh mo dearbhshiúr agus tá sé i n-ám(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Ainne Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40