Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)

Suíomh:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocla

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sean-Fhocla

“An té atá síos buailtear cloch air, agus an té atá shuas oltar deoch air.”
“Ní marbhuigheadh ariamh san fhairrige thiar, nach fágann in dhiadh breac eile níos fearr”
“Dá dtuiteadh an t-aer ar an talamh do marbhochadh sé na fuiseóga”
“Níl aon mhaith san seanchas nuair atá an anachan déanta”
“An soiteach a bhíonn an fíon, ann fágann roint de ar fud an chláir.”
“Itheann na muca ciúin an féar”
“Nil fhios ceann sgéil go Domhnach e.”
“Ní í gcomhnuidhe a marbhuigheann Páidín fiadh.”
“Nuair a thgann an t-ádh thagann an t-ól, nuair a thagann an mí-ádh diabhal deór.”
“Ná leig do leas ar cáirde.”
“Má thugann tú an capall go dtí an t-uisge, ní cuirfidh tú iarracht ar é a 'ól.”
“Té fanas le cóir fanfaidh sé cóir, an té nach gcuireann aon tsuim san cóir, cailfidh sé cóir.”
“Ní furusda dhá éan a mharbhuighadh le aon urchar amháin.”

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Flaithbhearthaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Peadar Ó Confhaola
Inscne
fireann
Aois
67
Teanga
Gaeilge