School: Dúnlocháin (roll number 13076)
- Location:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dúnlocháin
- XML Page 043
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Dá mbeadh mé mar atá mé bheadh mé maith go leor."
Bí fear saidhbhir ann fadó agus thug sé gach rud a raibh aige dá clann. Sa dheire ní raibh rud ar bith aige ach tuagh agus chuir sé é sin i mbosca agus bhí an glas air i gcomhnuidhe agus cheap a chlann gur ansin a bhí an t-airgead. Nuair a fuair sé bás d'oscail siad an bosca, fuair siad an tuagh agus bhí sé sgríobhta ar a chúl – “Go moladh an tuagh seo mac nó inghean te tiubhradh a chuid féin do mhac ná inghean.”
“Tá na capaill deire a dul i dtosach.”
“Is fada siar an rud a cuireas Dia aniar.”
“Seasamh fada ar cosa laga.”
“Nuair a eirigheann an ghealach is isligheann an ghrian, eirigheann lá an mhara go h-árd ar an sliabh.”
“Cuidigheann don mhuc a rubail.”
“Cuigeann Tadhg Taighgin.”
“Dearbhráthair do bhás an codladh.”
“Ní air a chéile a déantar na caisleáin.”
“Ni magadh le Máire é sin ní maith le hí a radh ach mar sin”
“Caithfidh muid damhsa a dhéanamh leis an port.”(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Flaithbhearthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Peadar Ó Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 67