Scoil: Naomh Rónán
- Suíomh:
- Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Páraic Ó hAichir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Rónán
- XML Leathanach 093
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí seanbhean agus seanfhear i nGaillimh fado agus bhíodh an seanfhear ag iasgaireacht chuile lá agus nuair a bhíodh na báid eile lochtaí ní bhíodh tada aigesean acht luchain bheaga. Lá amháin nuair a bhí sé ag iasgach tháinig Maighdean Mara suas le taobh an bháid. A Pháidín adeir sí níl tú ag fághailt aon iasc.” “Nílim go deimhin” arsa Páidín. “Bheul, má gheallfainn tú go dtiubhradh tú an chéad mhac a bhéas agaibh dhomsa beidh leat. Thug sé an geallmhaint sin dí agus ón lá sin amach bhíodh Páidín ag fághailt neart éisc. Tamall in a dhiaidh sin rugadh mac dó agus níor cuireadh bróg ná stoca air ariamh agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag thosaigh na gasuir timcheall ag magadh faoi. Lá amháin tháinig sé isteach ag a athair adeir sé an fíor go bhfuil mise geallta don mhaighdean Mara. Is fíor sin a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Níc Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mhaoláin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe