Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)

Suíomh:
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Giolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 386

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 386

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Leathanach 386
  3. XML “An Mhaighdean Mhuire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an lá fuar agus chuir sé air neart éadaigh. Bhí sé ag imtheacht agus ag imtheacht agus ba gearr gur chaith se dhe a chóta agus bhí se ag siubhal aris tamall eile agus chaith se dhé rud eile. D’imthigh sé leis aris agus ba ghearr go raibh sé tuirseach agus chaith sé dhe rud eile agus annsin chonnaic sé an Mhaighdean Mhuire. Bhi fior ag an Mhaighdean Mhuire go maith go raibh an fear seo ina diaidhacht níor sí uirthi tada agus bhí sí ag imtheacht léithí. Nuair thainig an fear suas léithí chaith sé é fhéin ar a chuid glúine agus d'iarr sé maitheainnas uirthí. Thug an Mhaighdean Muire maitheainnas dó. Dhubhairt an Maighdean Muire leis a dhul abhaile agus na h-éadaigh a chaith sé uaidh a tabhairt leis agus iad a chur faoi bhéalaibh trí dhabhach agus beidh bronntanas agat ar maidin. Chuaidh an fear abhaile agus thug sé leis na h-éadaigh agus chur sé faoi bhéalaibh trí dhabhach iad. Chonnaic an cailin é agus ghoid sí cuid uaidh agus chur sí faoi bhéal pota é. Chuaidh sí a chodhladh annsin. Ar maidin nuair a d'eirigh an fear chuaidh sé ag an gcéad dabhach agus bí searrach breagh aige agus nuair a chuaidh sé ag an gcéad dabhach eile bhí laogh breagh aige agus nuair a chuaidh sé ag an dabhach eile ní raibh tada ánn. Nuair a d'eirigh an cailin chuaidh sí chuig an bphota.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge