Scoil: Leitre (uimhir rolla 16164)
- Suíomh:
- Liataire, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitre
- XML Leathanach 064
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach é a ithe". Nuair a chuala an mac an méid seo, chuir sé dúil mór san ubhal agus dubhairt sé le bean a' tsiopa go dtiubhradh sé a chuid airgid ar fad mar luach air. Sa deire, dhíol bean a' tsiopa an t-ubhal agus d'imthigh an tríomhadh mac a bhealach.
I gceann sé mí, tháinic an triúr mac le chéile ag an gcros-bhóthar mar a bhí beartuighthe aca. Theasbán gach duine do'n duine eile, an rud a cheannuigh sé le n-a chuid airgid. Nuair a bhí ag féachaint ar an sgáthán iongantach, a cheannuigh an chéad mhac, chonnaic siad rud aisteach. B'fhacas dóibh go raibh inghean an fhir saidhbhir ag fághal bháis mar theasbán an sgathán í dhóibh sa riocht sin. Bhí imnidhe orrtha uilig ar a fheiceál. "Céard a dhéanfas muid anois?" arsa an chéad mac. "Rachaidh muid abhaile cuici ar an naipcín draoidheachta, a cheannuigh mise" ars an dara mac. "Tá go maith" ars an tríomhadh mac. Chuaidh siad triúr i n-a shuidhe ar an naipcín agus, láithreach, tógadh iad tríd an aer go teach an fhir saidhbhir. Chuaidh siad isteach - thug an tríomhadh mac an t-ubhal a cheannuigh sé, le n-ithe do'n gcailín. Leighisigheadh í ar an bpoinnte.
"Cé acu, i do thuairim, an mac ba mhó a thuill inghean an fhir saidhbhir ?" (An tríomhadh mac - mar thug sé gach a raibh aige ar son an chailín)