Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maidir le cluichí iomana agus péil ní mórán cleachtadh a bhí ag aos óg na háite orraibh ariamh mar ní raibh áit feileamhnach aca le iad a imirt. Bíonn cuid go na buachaillí ag iarraid bheith le péil acht ceal ionad feileamhnach is deacair dóibh dul un cinn leis.
Ag imirt pighneacha ar leath taobh an bhóthair is mo a chaitheann na buachaillí an Domhnach. Bíonn siad ag caitheamh "cloch neart" freisin feachaint cé aca is fuide a cuirfheadh í - seasann gach duine ag marc agus caitheann siad cloch réasúnta trom feachaint cé aca is fuide a chuireadh í gan í leannacht.
Bíonn buachaillí óga ag imirt cead i bpáirc sa nGeimhreadh nuair nach bfuil aon dochar dul sa ngarraidhe. Bíonn na cailiní óga ag imirt báire an t am céudhna acht níl ceachtar de'n dá chluiche chomh coitcheannta is bhíodh.
Púicín - Sin cluiche a bhíonns ag gasúir, cuireann siad éadach ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc Carrach, Co. na Gaillimhe