Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)

Suíomh:
An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0034

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Leathanach 0034
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl aon tobar beannuighe thart orainn acht tá ceann timceall 3 mhíle uainn agus teigheann muinntir na tire fré chéile ann chuile bhlian ar an naomhadh lá de Mheithim - Tobar Colm Cille. Tá sé shíos ag an gcladach shiar sa mBantrain Bhán. Tugann na daoine turas ann ar 9adh Meitheamh. Tá dhá tobar ann, tobar beag agus tobar mór. Teighetear timceall ar chaon cheann aca seacht n'úaire, umhluightear dó agus caithtear cloch sios ann. Tá an tobar mór shuas ar áill agus tá an tobar beag sa tráigh ghainimh. Tá cloch mór an agus cuma báid uirthi agus deirtear gur b'shin piosa go bhád Chuilm Cille atá ann ón t-ám a tháinig sé i dtir ann agus é teacht ó Árainn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge