Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)86. Bhí triur dearbrathair dul thar roilig agus dubhairt an ceann a b'óige "Ní mhór dom dul isteach agus paidir a cuir le mac mo dearbhrathra; dubhairt an an darna duine an rud céudhna, agus dubhairt an fear ba shine "Nílimse dul isteach mar nil aon mac dearbhrathra liom curtha ann.
Mac le'n fear ba shine a bhí curtha ann.
87. D'eirigh mé maidin lá ceó, chuala mé géim agus ní géim bó na géim coiligh í, ní éan í agus níl sé beó.
Leac oidhre ag sgoilteadh.
88. Céard é an rud is mó a bfuil i gcosamhlacht le crúdh chapaill - Crúdh eile.
89. Chuaidh mé suas an bóithrín, casadh mo námha orm, bhí srón iarainn air is méaracha airgid agus sé a chuirfeadh ruaig ar preacháin. Gunna
90. Rud bocht bocht agus maidi faoi na ucht agus é ag silt na ndeor go fras.
An far doras lá báistighe.