Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0137
  3. XML “Scéalta faoi na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aimsir. Bhí spóta talmhan nó paiste beag talmhan aige ar aghaidh caisleán Dún Guaire. Bhí lios ins an bpáirc i ndáil leis an bhfairrge agus sé an t-ainm a bhí ar ná Dún na Girrfhiadhthe. Dubhairt sé go ndéanfadh sé garrdha breág do agus an lios a rútáil amach. Fuair sé go leór daoine agus chuir (chuir) sé ag obair ann iad. Bí siad ag caitheadh na gcloch amach 'san bhfairrge a bhí i ndáil leó. Caith siad na clocha go leír amach. Nuair gur tháinig siad ag cloch mór a bhí istigh in a lár. Chuireadar píosa beag as é ach is beag é. Nuair a chlis sé ortha ar fad chuaidh siad síos go Cinn Mhara gur thug siad na fear i gCinn Mhara a d'fhéadhfadh siad a fhághail le congnamh a thabhairt dóibh. Fuair sé pian in a dhruim nuair a chuir sé faoi an cloch le congnamh a thabhairt díobh. Chuaidh siad ar fad abhaile annsin agus tá an cloch annsin fós. Ní'l ann ach cairrig 'roundáilte'. Chuaidh sé ar a leabhadh agus chailleadh é mar chuaidh sé in aghaidh na sidheóga a bhí ann.
    (2) D'airigh mise mo mhuinntir rádh go raibh bean a bhí caillte in a chomhnuidhe ins an lios a bhí i bhfad caillte Bhíodh a mac ag dul go lios na Ghirrfhiadh ag cainnt leithe. Chuile rud a déarfeadh leas mháthair a bhuachaill - bhí leas mháthair air - d'innseochadh a mháthair dhó é. Chuaidh sé ann an lá seo agus an buachaill a bhí in éindigh leis ag obair. Níor labhair sé leis go ceann tamhaill mhaith. D'iarr an buachaill "an ag cainnt le do mháthair a bhí tú" agus dubhairt gurbh eadh. "Bheidh sí ag imtheacht go Cnoc Máighe thar éis tamaill agus dubhairt sí ar mhaith liom a dhul in éindigh leithe agus dubhairt mé gur mhaith." Calleadh é agus d'imthigh sé in éindigh le na mháthair.
    (3) Ins an aimsir fadó bhí fear in a chomhnuidhe ins an bparóiste seo darbh ainm 'John Crowley'. Bhíodh sé i gchomhnuidhe ag tairrint gainimh ó n-a talamh. An lá seo go moch roimh a trí a chlog bhuail sé an bhóthair é féin agus capall is cárr
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Riocáird de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe