Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0128
- XML “Scéal”
- XML “Scealta faoi na Fíníní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Sgéalta faoi na Finníní.
Bhí 'barrack' thiar i gCondae an Chláir i ndáil leis an Spá. Tháinig na Finníní ann fhad is a bhí na daoine ag an Aifreann agus mharbhuigh siad na 'píleirs' ceathar aca. Annsin chuaidh ná 'píleirs' timcheall an áit agus chuir siad alán buachaillé a bhí timcheall an áit sa bpriosúin. Bhí fear ins an Spá thiar agus dhéin sé spiadóireacht orra agus dhéin sé spiodóireacht ar fhear bacach a bhí ann agus cuireadh isteach go h-Innis 'jail' é. Nuair a bhí sé ag dul istea[ch] go dtí an chúirt dubhairt a driocháir leis "a mhich na caillighe rugadh de pháiste thú agus fáigh bás id'fhear." Croch [?] an spiadóir buchaill nach raibh ann chor ar bith na scéméirí. B'éigin do'n Conaire an spiadóir imteacht as an thír agus chuaidh sé go 'Sydney'. I gceann ceithre bliadna in a dhiaidh sin chuaidh dreitháir do'n buachaill a crochadh nach raibh 'san 'gang' chor ar bith go 'Sydney' agus cé'n áit a chuirfeadh an mí-adh isteach é ach 'san áit a bhí an Conaireach ag obair. Tháinig Conaire i ndáil agus chraith sé lámh leis agus bhí sé ag iarraidh chuile scéalta nua ó Éirinn agus ó Chondae an Chláir. "Ná corruigh as sin anois" a dúbhairt Conaire "go dtagaidh mise amach. Gheobhaidh mé obair dhuit. Tá mé ag dul isteach ag mo dhinnéir." "Fanfaidh mé annseo" arsan mbuachaill "go dtagadh tú." Nuair a tháinig sé amach chuaidh sé ag obair. Ag deanamh 'yard' mór a bhí siad. Nuair a fuair an buachaill cromtha síos é ag cur síos na 'mbricks' 'san(leanann ar an chéad leathanach eile)