Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Daoine Mhaithe". Déanann bean a' tighe cáca gan a bheith - bacáilte agus buaileann sí an cáca trí h-uaire in-aghaidh an dorais. Seo iad na foclaí a deireann sí nuiar atá sí ag bualadh an cháca in aghaidh an doraís,"Cuirim an t-ocras síos go Cúige Ulaidh"Ba ghnáthach do bhean óg ion-phósta scadán a róstadh agus é a ithe idir ceann agus druball le go mbeadh sí ag briongloíd faoi na fhear an oidhche sin. (Glaodhadh sí ar an fhear óg a)
(D) FÉIL' BHRIGHDEI) Is gnáthach fós crois Bhrighde a chur suas oidhche na Féile. Bhíodh fear áithrid le n-a ndéanamh. Is sliseóga adhmuid nó luachair a deineadh iad. Ar an dtaobh ó dheas de'n teach, faoín dtaobhán, a cuirtí an chrois. Fear a' tighe a chuireadh suas í agus bhí paidir faoi leith le rádh aige. (Ní raibh mé in ann an phaidir d'fhághail)II) Scór blian ó shoin bhíodh fir óga na h-áite ag dul thart leis an mBrídeoíg. Bean bhréige a bhíodh dá iomchur ag duine de na fir agus é ag iarraidh airgid in onóir Bhrighde. Bhí rann aca le n-aithris ag doras gach tighe. Seo cean a bhí ag muinntir Chinn Mhara:-"Here I am the 'captain' of this noble crew,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- P. Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe