Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0067
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá caisleán mór . . .”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bíodar tuairim is fiche slat o'n áit a raibh Colmán nuair a chonnaic an buachail iad ag teacht agus taínic faitchíos air. Dubhairt Colmán gan faitchíos a bheith air agus a dothain a ithe. Tosuigh Colmán ag paideáreacht arís agus ar an bpoinnte sin greamuighead crúba na gcapaill do na leachracha agus d'fhan siad sin go raibh a ndothain ithte ag an mbeirt aca. Nuair a raibh an béilí críochnuigh aca sgaoileadh crúba na Capail agus tháinic Guaire chomh fada le Colmán. Dith sé feín agus a chuid fhir a ndothain freisín. Nuair a d'innis Colmán a sgéal go Guaire tháinic iongnadh air agus tháinic iognadh air Colmán nuair a fuair sé amach gur dínnéir Guaire a bhí aige. Thug Guaire an buachail leis annsin is ní ocras air uaidh sin amach. Tá rian cosa na gCapaill le feicsint ins na leacracha fós agus beidh go deo thuas i sleibhte na Bóirne agus tá leabaidh Naomh Colmán ann freisin.Tugadh Bothar na Mias air uaidh sin amach. Ú. Ní Fhaoláin, Dubhros- Bailitheoir
- Úna Ní Fhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Faoláin
- Inscne
- Fireann