Scoil: An Cheapach (uimhir rolla 14508)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh G. Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-fhear a bhí ar aithne agam in a chomhbuidhe sa gceanntar seo timcheall is caoga bliadhain ó shoin. Duine de mhuinntir lochánach do beadh é. Ní raibh órán sgolaidheachta aige nó níor thug sé aon áird ariamh do nósannaibh na h-aice. Chuaidh sé amach lá sa bpáirc le "sgeach-aonar" a leagadh. dubhradh leis go minic nár cheart dó bacadh las acht is amhlaidh gur bhrostuigh an chainnt sin sé chun a déanta. Bhí sé in aghaidh na sgeiche ariamh ariamh gur leagadh é acht beagán beag de'n chraiceann sa deireadh. Chaith sé uaidh an tuagh agus rug sé greim ar an tom chun a tarraingt amach. Má rug fún níor cirigh leas í a thabhairt leis. Deamhan cor a d'fhéad sé baint eile agus cheap sé go raibh leis acht b'é an rud céadna é nuair d'iarr sé í a thabhairt leis ní bhogfadh sé ordlach. Thainig buile air annsin.. Rug sé ar an tuagh an triómhadh h-uair agus ag dul in éadan na sgeiche arís dó dubhairt sé go feargach "Muna tú an diabhal ó h-Ifreann geobhfaidh mé thú an babhta seo". B'annsin do rith an cat bán amach ón sguch agus ní fuair sé a thuilleadh trioblóide uaithe acht tháinig sí leis go séidh nuair thairring sé í(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh G. Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Ui Thormaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Tormaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe