Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0201
- XML “Mar a Tháinig Cait, Mucaí agus Luchaí ar an Saol i dTús”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhean sásta é sin a thabhairt dó ar dtús acht do choinnigh Naomh Máirtín ag impidhe agus dubhairt sé go gcúiteóchadh Dia léithi.
Do ghéill sí sa deireadh agus do rinne a dicheall gach uile sort suaimhneas a thabhairt dhó. Mharbhuigh sí coileach lé haghaidh an tsuipéir. Thar-éis é a ghlanadh agus an blonaic a bhaint amach bhí sí ar tígh an blonaic a chaitheamh amach núair a stop Naomh Máirtín í. "Tabhair dom é sin" ar seisean. D'íarr sé píosa de cheirt agus d'fhill an blonaic isteach ann. Thug sé do'n bean é annsin agus dubhairt "cuir sin i dtaisge anois agus bí cúramac gan fhéachaint ar agus cífidh tú go bhfuighidh tú cúitiúghadh maith ar son do grádh-Dia domh-sa." Thar-éis a shuipéir a bheith ithte aige d'imthigh sé a chodhladh. Cómh lúath agus fúair an bhean sa leabaidh é bhí sí cómh fiosrach gur fhosgail sí an ceirt agus bhain píosa de'n blonaic amach di fhéin agus chuir píosa de cheirt thart timcheall ar agus d'fhág i n-áit di fhéin é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. Ó Díscín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Díscín
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann