Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna agus Planndaí.Tá go leor planndaí ag fás ar an talamh agus tá sé ráidhte go bfhuil leigheaseanna ionnta. Seo iad ainmneacha de cuid acu. Buachaill an tighe, garleóg, billeóg Pádhraig, reillóg. Tá leigheas i buachaill tighe i gcóir súil tinn agus seo é an chaoi chun é a réidhtheach. Pota nó sgilléad a fhághail agus é a bhruith go maith agus an tuisge a thagadh as a chur ar do shuil agus thiocfadh biseach ar an tsúil breoidhthe annsin.
Tá leigheas i garleóg i gcóir pian i mbolg gamhain nó caora agus tá leigheas ann freisin i gcóir péiste i mbolg gamhain nó caora. Seo é an chaoi chun é a réidhtheach é a ghearradh suas ina bpíosai beaga agus iad a thabhairt do'n gamhain imeasg fataí nó turnaipi. Tá leigheas i billeóg Pádhraic i gcóir cos nó glún no lámh gortuighthe. Tá leigheas i macáiri companaigh i gcóir cós briste nó lámh briste.
Tá go leor planndaí indan cé'n sórt aimsear a bheas le teacht a innseacht. Seo é ceann amain acu an dandelion agus deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Fearchair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ruiséalaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fearchair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ruiséalaigh, Co. na Gaillimhe