Scoil: An Clochar, Uarán Mór

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Ghreallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0523

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0523

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Uarán Mór
  2. XML Leathanach 0523
  3. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt an spailpín le n-a mhuinntear lá amháin go raibh sé ag dul go Gaillimh. D'imthigh sé agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé an-déidheanach 'san oidhche. Shúidh sé síos ar thaoibh an bhóthair agus cé'n áit a[] suidhfeadh sé ach ar Chloic an Ádha[?]. Tá an chloch sin ar thaoibh an bhóthair idir Chonnamara agus Gaillimh. Nuar a shuidh sé ar an gcloich d'éirigh sí de'n talamh agus d'éiteall sí agus an fear i n-a shuidh air.
    Thúirling an chloch go talamh ag Caisléan Mór. Chuaidh an spailpín isteach 'sa gcaisléan agus bhí bord mór bidh réidh. D'ith agus d'ól sé go raibh sé súgach sáthach. Chuaidh sé isteach go seomra eile agus bhí leabaidh sochumhlach clúthmhar ann. Luigh sé siar ar an leabaidh agus níorbh fhada gur thuit an codhladh air. Nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí sé i n-a shuidhe ar an gcloich ar leath-taoibh an bhóthair gur thug na sidheoga ar ais arís é nuair a bhí sé in-a chodhladh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge