Scoil: An Clochar, Uarán Mór

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Ghreallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0518

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0518

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Uarán Mór
  2. XML Leathanach 0518
  3. XML “Carn Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Baile sathach mór atá ann agus é suidhte cúig míle ó Gaillimh. 'Sé an fath go nglaoidhtear an t-ainm sin air, ná mar gheall ar an méid cairneán cloch atá thart timcheall an bhaile. Tá go leor daoine fíor-Gaedhealach(?) ann agus tá an-eolas acu faoi cúrsaí an t-saoghail fadó. Tá furmhór de na daoine saidbbhear agus tighthe sluinne(?) acu.
    Bhí clú agus cáil ag Cearnmhór(?) nuair a bhí an cogadh ar siubhal 'sa mbliadhain 1916-1922, mar bhí na daoine ag teiceadh ó na Sasanaigh.
    Tá baile beag ann ar a dtugtar "Baile na nGrialluise" mar gheall ar an méid Ghrialluise atá i n-a gcomhnuidhe ann. Sé an t-ainm is coitchiant 'san áit é.
    San am fadó marbhuigheadh píléar ag an gcrois-bhóthar agus rinneadh amhrán faoi. Tá an t-amhrán sin ar eolas ag na Sean-Daoine anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge