Scoil: Béal Cláir (B)

Suíomh:
Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál S. Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0027, Leathanach 0349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0027, Leathanach 0349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Cláir (B)
  2. XML Leathanach 0349
  3. XML “Seán Boy”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thoir ar thaoibh an bhóthair atá ag dul ó Tuaim go Áth Cinn tá "Coillín {Friar}." Ann atá an capall éachtach so curtha agus má léigheann tú an leac atá ós cionn na h-uagha ní dhéanfaidh tú íongantas ar bith de na sgeálta atá á n-innseacht cois teallaigh gach oidhche Gheimridh faoi'n gcapall a b'fearr a sheas igCaisleán Aicéad riamh - capall a ghnódhfadh ar an Liath Macha Féin!
    Bhí Caisleán Aicéad anois, ní h-amháin as baoghal ach srothluighthe i saidhbhreas go deo agus shílfeá go mbeadh saoghal órdha síothchánta as sin amach ann.
    Ach thug an Caiptín fá deara go raibh an seod ba luachmhaire a bhí aige ag imtheacht as go mór. Bhí a inghean, Máire, imthighthe san uisge bruighte. Cailín spéireamhail áluinn a bhí innti cúpla blian roimhe so, ach anois gach lá bhí sí ag leigint fúithe go mór. Bhí sí bán, mí-lítheach, tanaidhe snoidhite! Cailín í, a déarfá, a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál S. Ó Mainnín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Roibeárd Ó Ceannaig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Mainnín
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Chláir, Co. na Gaillimhe