Scoil: Béal Cláir (B)
- Suíomh:
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál S. Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Cláir (B)
- XML Leathanach 0341
- XML “Seán Boy”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bith a fheiceál! Tháinic neart fuisge chuige agus súil níor fhág aoinne air go ceann trí lá.
B'iomdha féasta ariamh a bhí sa Teach Mór ach ní choinneochadh feis na Teamhrach fadó coinneall leis an bhféasda a bhí ann an oidhche sin. Bhí uasal agus íseal ann agus sul má bhí leath an fhéasda caiththe níor aithnigh an fear uasal an duine mór ó'n duine íseal - bhíodar cómh-ionann. D'ioch an Bean-uasal an geall agus bhí Caisleán Aicéad sabháilte go fóill ar chaoi ar bith. Ach ní raibh an bean-uasal sásta 'ná leath-shásta! Cé'n chaoi d'féadfadh duine ar bith cúpla céad slat a ghnódhachtáil i rása mar é? Diabhail amháin a d'féadfadh é a dhéanamh. Ba bheag leí an gheall ach ba mhór a ghoill onóir an rása uirthi! Sheas sí suas agus labhair -
"Indhiú i gCaisleán Aicéad" ar sise "bualadh glan ar an marcach agus ar an gcapall a bhfeárr a bhí i Sasana. Molaim {Little Friar} agus traosluighim do mhuinntir an tighe uilig. Ach cá bhfuil an marcach iongantach? Cá bhfuil an fear a rinne an gníomh éachtach indhiu nach bhfaca mise riamh a leithéid 'ná éinne eile lem' ló. Ní creidim gur duine ceart saoghalta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál S. Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Roibeárd Ó Ceannaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainnín
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe