Scoil: Béal Cláir (B)
- Suíomh:
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál S. Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Cláir (B)
- XML Leathanach 0340
- XML “Seán Boy”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile is bhí {Little Friar} ag sálaibh an chapaill eile! An lasg i mbéal Sheáin i gcomhnuidhe! Bhí {Little Friar} ag siobadh amach! Thug an marcach Gallda lasg dá chapall! Ba bheag 'nár leag sé é. Chuaidh {Little Friar} amach thíos fuide! Ag feabhsú a bhí sí!
Thosaigh an liúirigh! Thosuigh an béiceadach! {Little Friar}! Seán Boy! {Little Friar}! Seán Boy! Gach duine ar mire! Chuir Seán an srian féin 'na bhéal faoi seo! D'eiteall an capall isteach agus bhí comhgháirdheachas déanta le Seán nuair a chuaidh an capall gallda thar an cuaille gnódhachtha. Radharc mar é! Lá mar é! Rása mar é ní fhaca duine is ní móide go bhfeicfidh go deó. Thúirling Seán de'n chapall! Bhí sé báidte in alluis. Bí na seacht gcótaí uirri! Braon ní raibh ar Seán Boy! Gáiridhe ní dheárna sé. Rug Máire barróg air agus phóg go dil díocrach é! Chraith an Caiptín lámh leis fiche uair! B'shin a méid! Bhí Seán chomh tostach diamhair rúnda is a bhí 'chuile lá riamh! Thug sé {Little Friar} isteach sa stábla t'réis tamaill agus chimill í! Thug sé a sheómra air féin annsin agus dhiúltuigh neach ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál S. Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Roibeárd Ó Ceannaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainnín
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe