Scoil: Faithche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhaiche Mhór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Cinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tríd an t-im. Annsin cuireann sí salann ins an t-im, agus déanann sí rollaí deasa dí, agus is minic a gcuireann sí cuma deas ar na rollaí. Ins an Gheimhreadh nuair a bíos an aimsear fuar bíonn dath buidhe ar an t-im agus ar feadh an t-Samhreadh nuair a bíos an aimsear the bíonn dath bán ar an im.
Má tagann stráinséar isteach nuair a bhíos na daoine ag déanamh an chuiginn ta se ceart cuidiú leó go ceann cúpla nóiméad ar a laghad ar faithchíos go ghlacfadh sé an t-im leis. Lá amháin bhí bean adg déanamh anchuiginn. Tháinig fear isteach agus do las sé a phíopa, agus chuaidh sé amach arís acht ní cuidiú sé léithí. Níor thainig aon im an mbainne an la sin ar chor ar bith.- Bailitheoir
- Áine Ní Ceillacháin
- Inscne
- Baineann