Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)
- Suíomh:
- An Doirín, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná a triúr mac féin agus bhí faoi doi-beart a imirt ar an mac ba shine ac d'eag sé sul ar fhéad sé é cur i bhfeidhm.
Nuair a d'fás an ceatrar suas phósadar agus tháinic cúram cloinne ortha. Bhí na daoine ag fairsnuigheadh agus tidheacht go h-Acaill an tráth sin. D'fhás an clann suas ina mbuachaillí óga mac mic an Máilligh b'ainm do Diarmuid an Reatha O Máille agus mac mic an Bláthmhailigh an Gar lámhach ó Bláthmhail.
Bhí athair Diarmuidhte ag foirgint tigh i mBéal an Átha Solaigh agus nuair a bhí sé ag snuaidhmeadh na ngabh och bhreis an siúnéir an t-sreachtair. Dubhairt a athair le Diarmuid go gcaithfeadh sé dul treasna na feirsde lá ar na barach go dtí gabha na Bairir Dhéise abhí 30 mile uaidh cun deis a cuir air. Nuair a mheas Diarmuid go raibh an tráigh ann as go bráth leis. Fuair deis ar an t-sreatair agus treasna na trágha leis sula thuill sé.
Nuair duisigh an t-athair ar maidin dubhairt se
"Codail tú ar an bhféirsid
Dearc faoi'n leabaidh agus leig dom codhladh" arsa Diarmuid. Annsin tugadh Diarmuid an Reatha air tosc gur dein sé 60 mile slighe laistigh de chúig uaire a cluig.
Cuaidh Diarmuid lá go h-Each a' Gabhair ag díol a cuid arnéis ach nuair a bhí na ceann achóirí ga ioch ní raibhadar ag tabhairt an méid airgid abhí geallta acu dhó agus bhíodar ag tógáil na mbeithidheac leo dá aindeoin. D'ionnsuigh Diarmuid iad agus rith sé tríotha mar rithfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)