1
A Paidín Eóin Uí Carmait (McCormac) nach búaireadh táim do ndhiaidh
O chúaidh do long thar fairrge nach bfileadh arís go héag.
Go bhfuigim-se go h-éaspa agus aengileas Flaithis Dé
Le Dia do seoladh abhaile againn mar dfág tú an faoí léin
2
Tá deorai ar na spéarthaibh tá réalt na maidne faoi smuid.
O dimthig bláth na sgeilbe dfág na ceadtaí dár na dtonn.
Is nar go fada go bfeicfeadh me do long ag teacht don chúan
Do phócaí lán de airgid do sgaipeadh ar a dlúth
4
Buidéal ginúin Spáineac ál a'gualádoir bean óig
Tá dúil le Ríg na nGrást agam nár baitheadh tú go fóill.
Sin sean amhrán a bhí dá chan go minic ag muintir na Cloiche Móire fado. Tá an cuid eile caillte ag an bhfear seo.