Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)

Suíomh:
An Doirín, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Mac Cárthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Doirín
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Naoimh Acla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is beag eólas atá lé fághail ar Achaill san Stair agus mar sin caithfear brath ar bhéaloideas na ndaoine maidir lé h-eachtraí a thárla níos fuide síar ná cúpla céad bliadhain ó shoin. Os rud nach raibh tracht air san Eaglais ceaptar gur mhair an Phágántacht ar feadh i n-Acaill.
    Deirtear gur tháinig Naoimh go h-Acaill an t-am a raibh "Oileán na Naom mar ainm ar Eirinn.
    Naomh Damnait: Deirtear go dtáinig beirt cailín agus gur chuireadar futha san áit a dtugtar Cill Damnait anois uirthi. Do reir an bhéaloideasa b'as Oileán Cliara dóibh agus bhí a n-athair ana shaidhbhir ach thréigeadar gach rud ar son Dé. Bhí tobar beannuighthe aca ann agus tá fothraca sean séipéil ann go dtí an lá indiu. Thíos ins an gcladach ag an gcúinne tiar-theas de'n roilig atá an tobar seo agus is féidir leis an bhfairrge teacht isteach ann. Tugtar turas chuige lá Mhuire Mhor sa bhfóghmhar. Chonnaic Tighearna talamh na daoine a tabhairt turas ar an dtobar agus ceistigh sé ina thaoibh. Tugadh gach eolas dó agus annsin d'orduigh sé do bheirt dhá lucht oibre an tobar a líonadh . Nuair a chaitheadar an céad sgiobán isteach san tobar d'iompuigh an t-uisge ina fhuil. Ní gádh a rad nár líonadh an tobar.
    Tháinic Naom eile go h-Iochtar Acla darbh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge