Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)
- Suíomh:
- An Doirín, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Doirín
- XML Leathanach 140
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí trí cathaireacha no dúnta móra in acaill fadó.”
Bhí trí cathaireacha no dúnta móra in Acaill fadó1 Tá ceann amháin aca ar mullach Cnuic i gCaiseal ní ach an rían fágta anois. Tugtar Cathair a Caisil air.2 Tá cathair eile ag Rinn na Leanbh ag Tón an tSeanbhaile. Tá sé 75 troig treasna. Tóg na daoine na clocha as chun thighthe a dhéanamh3 Tá ceann aca ag chois Chnuic Móir agus tugtar Cathair a' tSleibhe Móir air. Togadh na clocha is fearr chun siubhail i gcóir togáil tighthe. Tá sé 60 troig treasna agus tá na fallaí 12 ar tiúgdhas.Tamall beag ó dheas uaidh seo tá roilig págánach ach tá an aimsear agus na daoine tar éis a lán díoghbhála a déanamh di. Sé an rud a bhí an i dtosach ná a lán uaigheanna cearnógacha. Is amlaidh a cuireadh clocha móra in a seasamh timcheall i gcearnóig. Tá an ceann is iomláine aca 9 dtroighthe ar fhaid agus 5½ troighthe ar leithead. Tá 9 gclocha ina seasamh direach annAr an dtaobh thiar thuaidh de seo agus timcheall 220 slat uaidh tá uaigh mór. I nDubhgort atá sé seo timcheall 9 bpéirsí ó theórainn Dubhghuirt agus Dubh Chinn Alla. Tá an uaigh seo loitighthe go mór ag an síon agus ag an bhfairrge mhóir. Rinne muilneóir a lán díoghbhála do chomh maith. 'Sé an rud a bhí san uaigh i dtosach ná 6 leacracha cloiche. Tugtar an Liaghán ar cheann amháin aca. Tá leac amháin aca 8 dtroighthe ar fhaid(leanann ar an chéad leathanach eile)