Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)

Suíomh:
Buailte Fraoigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Boltifree
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Laoch Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Trí mhíle fear greigeamhail a d'fág dilleachta a 'gol.

    Ach fhad as bhéas tuillte na -n-árd cnoc 'na rith sa tSean Ghleann
    Nó tonna tréana Thoraigh ag greadadh na mbeann
    Nó Aingle gheal' Dhoire ag eiteallaigh ar Neamh
    Nó éisg lúthmhar Loch Gartain go méidreach sa tsruth
    Beidh cuimhne ar an lá seo 'sna bliantaibh le teacht
    Ag uachtaráin na n-am sin 's a mbéidh faoí n-a Smacht
    Ní chríonnochaidh as ní dhíothlochadh ní rachaidh ar mhoill
    Bród beannuighthe Chlann Chonaill as Naomh Colmcille

    Naomh nearthmhar ar thalamh a's níos cumhachtaighe ar neamh
    Dearc annuas ar an chruinniú seo 'tá i nGartan indiú
    Is fada uainne atá dibeartha sa ghleann seo na ndeor
    A bheith leatsa go síorruidhe Moladh Dé ins an Ghlóir
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    3. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Ua Sgannlán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall