Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 179
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)gloine agus chuaidh sé ar mheisge. D’éirigh an t-athair lá ar na bhárach. Bhí an balla leagtha agus an mac na luighe ar meisge i dteach an t-sibín. Dubhairt sé leis an dara fear go gcaithfeadh sé suidhe an oidhche sin go bhfeicfeadh caidé bhí ag teacht air. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an fear sin amach cóta mór agus gunna leis. Shuidhe sé ar an bhalla go rabh speárthai an lae ann. Rinne sé amach nach dtiocfadh dadaidh ar an bhalla. D’imthigh sé go teach an t-sibín mar a rinne an fear eile. Ag éirigh dó’n athair ar maidin bhí an balla leagtha agus eisean na luighe ar meisge i dteach an t-sibín. Dubhairt sé leis an mhac a ba óige go gcaithfeadh seisean suidhe an oidhche seo. Indiaidh na h-oidhche thug sé leis cóta mór agus gunna. Shuidh sé ar an bhalla go rabh an lá ag teacht. Tháinig an lá. Bhog sé thart annsin. Bhí sé ag cóimhead uaidh fríd an fhairrge. Chonnaic sé bád glas ag tarraingt air agus níor stad sé ariamh go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Duimnic Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall