Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 114
- XML “An tÉan Solais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agat go bhfeicfidhe tú goidé tá tó ‘teacht ar na hubhaill”. Shuidhe an buachaill an oidhche agus’ tarraingt ar a mhaidin bhí sé ag eirighe fuar agus síos go teach síbín leis a bhí comhgarach go dtí gur ól sé gloine. Ar theacht arais do bhí ubhall ar shiubhal. Ag dul isteach do dinnis sé do’n athair goidé mar tharla. Lá thar na bharach dubhairt an tathair leis an dara fear -
“Suidhe thusa anocht agus tug leat do ghunna agus congbhuigh coimhead ar a’ chrann”.
Shuidh an buachaill sin agus tamall roimh an lá bhí sé ag eirighe fuar agus síos leis go teach an tsíbín’ gur ól sé gloine. Ar theacht arais do bhí ceann de na hubhaill ar shiubhal. ‘Dul isteach do ar maidin dinnis sé do’n athair goidé mar bhí. Tráthnóna an lae sin diarr an tathair ar an triú mac suidh an oidhche sin agus a ghunna leis agus coimhead a chongbhail ar an chrann.
Shuidh an triú mac an oidhche sin. Rith na hoidhche níor mhothuigh sé a dhath ach teacht an lae shonnruigh sé an spéir shoir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall