Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 106
- XML “Toirtín Mór agus Mallacht nó Toirtín Beag agus Beannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur inthigh sí as amharc. Shiubhail an cailín léithi agus ag dul ó sholus di chonnaic sí solus uaithi sa chnoc. Tharraing sí ar an tsolus. Thainic sí fhad le teach. Chuaidh sí isteach. Ní rabh san teach ach sean bhean agus í ag sníomh. Diarr an cailín lóistín go maidin. Dubhairt an chailleach go bhfuigheadh is fáilte dá ngeallfadh sí gan amharc suas an tsimlear go maidin. Gheall an cailín agus fuair sí an lóistín. Shuigh sí isteach le chois na teineadh agus ahníomh an chailleach léithi. I gceann tamall thit an chailleach na codhladh agus ansin damharc an cailín suas an tsimlear. Thit mála ór agus mála airgid anuas chuici. Thóg sí an dá mhála agus amach ar an doras léithi. Shuibhail sí léithi go dtainic sí fhad le tobar. "Tóg scála nó dhá scála díom" arsa'n tobar "nó níor tógadh a'n scála díom le seacht mbliana" "Ní thógfaidh maise" arsa'n cailín agus shiubhail sí léithi. I gceann tamaill thainic sí fhad le sean ghearran bán. "Tionntuigh mé, tionntuigh mé," arsa'n sean ghearran "nó níor tionntuigheadh mé le seacht mbliana"(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Eireadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall