Scoil: Ceathramha na gCanónach (uimhir rolla 16102)

Suíomh:
Carrownaganonagh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoin Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 26

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 26

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha na gCanónach
  2. XML Leathanach 26
  3. XML “Ainmhithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bó dheas ghorm ar bhaile Leabaidh Dhubh aon uair amhaín. Bhí sí ar an aonach agus bhí an fear ar leis í ag fághail cúig phunnta dheág uirthi. Cha sgarthadh sé leíthe ar an airgead sin. Thug sé na bhaile leis í agus ghlac sí aicíd ins an úth. Chaill sí an bainne i gceann de na ballaín tosaigh agus fa chionn cúpla mhí eile chuaidh an aicid ins na balláin cúil agus ní rabh sí ag tabhairt bainne annsin acht san bheirt eile. Annsin rinn an fear achan léigheas 'a dtiocfadh leis le í a shábháil acht ní rabh aon mhaith ann agus chuaidh sí tirm agus cha rabh deor bhainn (?) aici.
    Chuir an fear amach ar an fheár í agus d'éirigh sí ramhar. Annsin dhíol sé í ar aonach na nGallóglach le buísteoir thíos ar an Craosloch agus leoga bhí caill mhór air. Ceithre phunnta a fuair sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall