School: Ceathramha na gCanónach (roll number 16102)

Location:
Carrownaganonagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoin Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1082, Page 26

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1082, Page 26

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha na gCanónach
  2. XML Page 26
  3. XML “Ainmhithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bó dheas ghorm ar bhaile Leabaidh Dhubh aon uair amhaín. Bhí sí ar an aonach agus bhí an fear ar leis í ag fághail cúig phunnta dheág uirthi. Cha sgarthadh sé leíthe ar an airgead sin. Thug sé na bhaile leis í agus ghlac sí aicíd ins an úth. Chaill sí an bainne i gceann de na ballaín tosaigh agus fa chionn cúpla mhí eile chuaidh an aicid ins na balláin cúil agus ní rabh sí ag tabhairt bainne annsin acht san bheirt eile. Annsin rinn an fear achan léigheas 'a dtiocfadh leis le í a shábháil acht ní rabh aon mhaith ann agus chuaidh sí tirm agus cha rabh deor bhainn (?) aici.
    Chuir an fear amach ar an fheár í agus d'éirigh sí ramhar. Annsin dhíol sé í ar aonach na nGallóglach le buísteoir thíos ar an Craosloch agus leoga bhí caill mhór air. Ceithre phunnta a fuair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Maire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Millford, Co. Donegal