Scoil: An Cúil (Coole)
- Suíomh:
- Cool Upper, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ó Gallchobhair

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 13
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cúil (Coole)
- XML Leathanach 13
- XML “Na Daoine Beaga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-fhear ina chomhnuidhe leis fhéin i Min bog tuairim ar dhá mhíle ón scoil seo. Lá amháin gheimhreadh chuaidh sé amach chun cliabh féar bán a bhaint ins na spince do'n eallach. Bhí droch gheimhreadh ann agus bhí an féar gann agus ba mhaith an éadaíl an féar bán don bhó. Nuair a bhí an cliabh lán aige bhí an clap-sholus ann. Chuir sé an cliabh ar a dhruim agus phill sé abhaile. D'fhág sé an cliabh féar i lár an urlár agus chuaidh sé féin chun goradh lámh a thabhairt do chéile ag an teinnidh sula dtabharfadh sé an fear don bhó. Ar an bomaite sin isteach le cupla fear beag ionganach i lár an urláir. Bhí cuma feirge orthu ionann go raibh siad beag suarach. Ní raibh fhios ag an fhear an raibh leaspáín ag imtheacht o'n a chuid súl nó an raibh a chuid súl ag imirt cleasa air. "Fág arais an cliabh féar bán san ins an áit a bhfuair tú é" ars an triúr acú as béal a chéile. "Cá tuighe an t-órdú sin" arsa an fear "nó cé hé sibhse go mbeadh baint agaibh le cliabh féar bán a bhí ag fás fiadhain ins na spince ?"
"Is cuma cé sin", ars (?) fir beaga ach nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall