School: An Cúil (Coole)

Location:
Cool Upper, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 9

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 9

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cúil (Coole)
  2. XML Page 9
  3. XML “Tinneas Eallaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Thig leis na daoiní beaga dochar a dhéanamh do bhó nó í a dhéanamh tinn. Ma éirigheann bó tinn agus í amuigh ag ingilt tá sé ráidhte gur "scaoil" na daoiní beaga í. Bíonn an bhó ag gnúsachtaigh agus bíonn a soc agus na h-adharca comh fuar le cloich. Tig le corr sean-duine an bhó a léígheas.

    An Léigheas:-
    Tomhais an bhó ó bhun rubaill go bárr sróine trí h-uaire. 'Sé an gléás tomhais atá agat na ó d'uillinn go bárr na méire fada. Muna bhfaghann tú an fhaid cheudna achan uair sin cruthú gur bh'iad na daoiní beaga a bhí cionntoch i dteineas na bó. Gheibheann tú sluasaid aibhleog dearg agus cuireann tú na h-aibhleogaí thart druim ibolg na bó trí h-uaire agus fosta ó bun Rubaill go bárr sróíne. Dóigheann tú an fionnadh leis na h-aibhleogaí. Annsin geibhtear sipín cochain scaithte agus dóigheann tú é faoi sróin na bó. Gnidhtear réídh deoch min choirce annsin agus cuirtear gualach ó naoi soitheach ar an deoch. Cuirtear isteach cupla pighinn fosta ins an deoch agus bheireann tú do'n bhoin í. Ma chuireann an bhó a teangaidh in a sróin indiaidh an deoch a ól tá sí léigheasta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
            1. medicine for animal sicknesses (~175)
    Language
    Irish
    Informant
    Brian Ó Baoigh
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Millford, Co. Donegal