Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Dathannaí”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fearnóg : fa choinne ruadhmonn do dhath dhubh. Bruith na craobha beaga i gcuideachta na h-olna. Tóg amach na craobha nuair atá siad bruithte agus cuir isteach an Dúbhach. Rud dúbh "claba" a chruinnigheas in áiteacha a bhfuil ruaidhbhric ag briseadh aníos
    Súilíní Buidhe. Indiaidh ruadhmoinn aluim le dath buídhe a chur.
    Súithche. Bruithte i gcuideachta na h-ólna le dath dorcha donn a chur.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Rith mé go bhfuair mé é.
    Shuidh mé agus chuardaigh mé é.
    Dá bhfagainn é chaithfinn uaim é.
    Nuair nach bhfuair, thug mé liom é.
    Triúr mac Chonaill Chraobhaigh chuaidh amach máidin ceó a bhaint beairtín chaonaigh. Méid a bháin siad chaith siad uatha é. Agus an méid nar bhain siad, thug siad leobhtha é.
    Dhá dtrian tinneas le h-oidhche
    Da dtrian gaoithe le crannaibh.
    Dhá dtrian sneachta le sléibhtibh.
    Dhá dtrian gréine le beanna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge