Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Cuirt agus Cathair i gCuibhreann Dell.
    Bhí fear ann uair amháin a rabh triúr mac aige agus ní rabh i bhfad gur bhuail tinneas an t-athair agus ní rabh a dhath lé é a léasugadh. Bhí fear bocht ag gabhail thart lá amháin agus chuaidh sé isteach san teach seo agus dubhairt na mic leis go rabh a n-athair ag éagchaoint agus nach rabh a dhath le é a léasadh. D’innis an fear bocht seo daobhtha nach rabh a dhath lé é a léasughadh acht ubhlaí a bhí i gCúirt agus i gCathair i gCuibhreann Dell.
    Annsin d’iarr an fear bocht ar an fear tinn a chuid mac a chur ar shiubhail ar maidin fa choinne na h-ubhlaí seo Ar máidín lái thar na bharach d’imthigh na mic. Siubhail siad leobhtha go dtí go dtáinig siad go dtí crois bhealach. Dubhairt an mac a ba shine go gcaithfeadh gach aon duine a ghabhail casan do féin. Chuaidh an mac a ba shine siar agus an mac éile soir agus chuaidh an mac óg an ród díreach go dtí dtáinig sé go dtí áit a rabh bucaid ag teacht aníos agus bucaid ag gabhail síos.
    Chuaidh an mac óg seo ar an bhucaid a bhí ag gabhail síos. Nuair a bhí sé thíos shiubhail sé leis agus bhí an oidhche ag teacht. Ní fhacaidh sé aon duine acht chonnaic sé solus i bhfad uaidh i gcnoc. Tharraing sé ar an t-solas agus bhí sean-bhean annsin ina suidhe sa choirneál agus súíl amháin i gclár a h-éadan. D’fhiafruigh sí do caidé a bhí ag cur buadhartha air. Dubhairt seisean go rabh é ar lorg na ubhlaí a bhí i gCuirt agus i gCathair i gCuibhreann Dell. “A chara mo chroidhe” ar sise leis “tá píosa [fada]? agat le siubhail go fóill”.
    Tá mise dhá chéad bliadhain agus béidh tú [?] deirbhshiúir de mo chuid s’an oidhche imbárach, agus tá sí trí chéad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Naos Mac Láithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall