Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar go rabh sé tuirseach, agus go dtiocfadh leis trí aisle a fhághail ar an chuid éile. Rinne sé seo agus d’ól sé an gloinne agus thuit sé na chodhladh.
Nuair a tháinig an triúr seo isteach d’fhiafruigh siad do cérbh ‘é sin agus dubhairt fear an óstais nach rabh fhios aige cé é féin ca rabh é ag dul acht go dtáinig sé isteach agus gur thuit sé na chodladh. Tháinig siad seo isteach fa choinne gloinne a ól agus buideal a bheith [leobhtha]? síos
Go dtí poll an mhianaigh guail. Dubhairt an triúr seo le fear an óstais go n-imreochadh siad cleas air.
Thug siad leobhtha é go socair ar eagla go [nusglochadh]? siad é, agus d’fhág é shíos sa’n pholl. Nuair a mhusgail sé thosuigh sé a sgairtigh, ag fiafruigheadh caide’n áit a rabh sé. Tháinig fear de na daoine chuige agus dubhairt leis, go rabh sé in [creann]? imeasg na ndiabhal agus nuair a chualaidh sé seo, bhí sé [úle]? níos measa ag fiafruigheadh caidé a dheánfadh a dheirbhsiúir a bhí ag feitheamh air a dhul ‘na bhaile leis na h-aisle.
D’fhiafruigh sé do an rabh seans ar bith aige fághail as, agus dubhairt sé leis nach dtiocfadh leisean a dhath a [ánamh]? do, acht go mbfhéidir go dtiocfadh leis an diabhal mhór é [in]? rud éiginteacht a dheánamh do agus é ag taisbeaint an fhir do. Dubhairt seisean go ndíólfadh sé rud ar bith acht a fhághail as agus dubhairt an diabhal mhór go bhfuigheadh sé as da ndíolfadh sé cúig [illinge]?
Thug sé seo d’on diabhal é féin acht dubhairt an diabhal nach bhfuigheadh sé as gan deoch do chuid uisge ifrinn a ól. Ní rabh a dhath dúil aige an deoch a ól acht b’fhearr leis rud ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall