Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “An Gearrán Bán agus an Rí Breac”
  4. XML “An Fear a Bhí in Ifreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ban arais agus d'fhiafruigh sé dithe cad chuige a rabh a chuid bróg uirthi agus dubhairt sise "A! rud beag fuaicht a thainig isteach ar an doras agus chaith mé orm mo bhróga agus toisigh mé a shníomh ar mó thúirne, le mé fhéin a chongbhail té" "Caith díot do bhróga" arsa an gearran bán, "go bhfeicfidh mise caide atá ort." Chaith sí dithe a bróga, agus bhí fuil ar a glúnaibh. "Cuir do cheann ar an bhloc," arsa an gearran bán, agus chaith sé an ceann dithe. Annsin chaith sé í isteach sa'n t-seomra.
    (le críochnughadh ar an taoibh eile de'n chéad duilleoig eile)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An fear a bhí in Ifreann.
    Chuaidh fear as an chompla seo go aonach an Chraoslaigh a cheannacht asail. Chonnaic sé nach dtiocfadh leis asal a fhághail gan púnta agus ní rabh a dhath leis acht púnta. Casadh fear do agus d’innis sé do gur cheart do a ghabhail go dtí an áit a rabh siad san ag faghail na n-asal ceathar ar phúnta i gCille Choinnigh.
    Lá thar na bhárach rinne sé réidh le h-imtheacht go h-Aonach Cille Choinnigh. Bhí sé i gCille Choinnigh an oidhche roimhe an aonach agus bhí sé tuirseach. Smaoitigh sé go n-ólfadh sé gloinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Láithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Dhún na nGall