Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 197
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe na sean aimsire.Tá duifir mhór ins na tighthe atá ag na daoine sa’n am i lathair agus na tighthe a bhí aca sa t-sean aimsear. Is ceann sglataí atá ar an cuid is mo de na tighthe anois, acht is ceann tuigheadh a bhí ar na tighthe uilig sa t-sean aimsir. Bhíodh an cochán sgaithte ag na daoine iad fhéin fá choinne thuighe a chur ar na tighthe. Ba gnathach le leabaidh a bhéith i ngach cistin, leabhaidh na clúdaigh a bheireadh siad uirthí.
Ba gnathach le ceann fraoich agus ceann sgratha a bheith ar chuid de na tighthe i bhfad ó soin. Gheibheadh siad an fraoch ar na cnuic agus cheangleochadh siad é le sugain ar na tighthe. Gheibheadh siad na sgratha ins na portaigh agus thriomochadh siad iad. Bhíodh an teine ar an urlar i lár na cistineadh. Ní rabh acht doras amháin ar gach teach ins an t-sean am agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Nic Giolla Bhrighde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Mac Giolla Brighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall